
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Máire Mhic Pháidín ón DLDC.
5/13/2026
Tá ócáid ar siúl tráthnóna inniu sa tsean scoil i nGort an Choirce. Beidh eolas a thabhairt faoin clár SICAP agus seirbhísí DLDC.
Duration:00:07:32
Andy Caomhánach.
5/13/2026
Labhair Andy ar Rialacha nua an AE maidir leis an “ceart chun deisiúcháin” agus ar AI agus Poist Nua in Éirinn.
Duration:00:09:42
Cartlann na Ceadaoine.
5/13/2026
Inniu ar Cartlann na Céadaoine, téann muid siar go dtí’n bliain 1976, labhair Johnny Ó Dochartaigh, Johnny Eoghan Hiúdaí, Gréasaí Bróg Ghaoth Dobhair le Feardorcha Ó Colla, bhí sé de nós ag daoine iarracht a dhéanamh cúpla pigín a shábháil agus iad ag fail bróga cóirithe in áit a gcaitheamh ar shúil.
Duration:00:07:47
Paula Mhic Cumhaill Oifeageach Óige agus Oideachais Ionad Óige Ghaoth Dobhair.
5/13/2026
Seo Seachtain na Rothar 2026 agus tá go leor grúpaí agus coistí ag díriú a n-aird ar chúrsaí rothaíochta - ina measc tá Ionad Óige Ghaoth Dobhair agus labhair Paula Mhic Cumhaill, Oifigeach Óige agus Oideachais Ionad Óige Ghaoth Dobhair linn faoin togra seo.
Duration:00:04:47
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
5/13/2026
Thóg na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Pat the Cope Ó Gallachóir ceist sa Dáil inniu faoin druga Givinostat, druga atá de dhith go cruaidh ar bheirt pháiste anseo i nDún na nGall agus páistí agus daoine fásta eile ar fud an stáit agus labhair Piaras linn ar maidin faoi seo.
Duration:00:07:32
Damien Mc Dermot Innealtóir sinsir le na mbóithre náisiúnta.
5/13/2026
Foilseofar cáipéisí pleanála thogra bóthair TEN-T i nDún na nGall amárach, ina mbeidh na measúnaithe tionchair timpeallachta agus na hOrduithe Ceannaigh Éigeanta nó CPO. Labhair Aodh Máirtin Ó Fearraigh le Damien Mc Dermot faoin togra seo ar maidin.
Duration:00:09:44
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
5/13/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:09
Barrscéalta, clár iomlán, 13/05/2026.
5/13/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:56:55
Antaine Ó Donnghaile.
5/12/2026
Labhair Antain faoi ócáid a bheas ar siúl in Aonach Mhacha an Aoine bheag seo.
Duration:00:06:25
Gaelscoil Dhún Dealgáin.
5/12/2026
Thug múinteoirí agus daltaí ó Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, Contae Lú, Gaelcholáiste nua-bhunaithe, cuairt orainn anseo sa raidió. Labhair an príomhoide, Caoimhe Hearún linn, an múinteoir Máire Nic Cathmhaoil, agus na daltaí, Nóra Ní Shiúradáin agus Arden Mac Darach, atá sa chéad agus dara bliain sa scoil.
Duration:00:16:47
An Poitigéir Tom Murray.
5/12/2026
Labhair Tom ar an scéal nuachta go bhfuil níos mó othar ag cuartú tacaíochta óna bpoitigéirí mar go bhfuil brú fiánta ar Dhochtúirí Teaghlaigh agus níl sé furast coinne a fháil le do Dhochtúir Teaghlaigh na laetha seo.
Duration:00:13:42
Brian Ó Fearraigh Paramhíochaine Sinsir leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.
5/12/2026
Tá baill foirne ón tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna atá mar bhaill dona ceardchumainn Unite agus Siptu i mbun stailce inniu mar gheall ar aighneas idir iad féin agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus labhair Brian Ó Fearraigh linn faoin stailc seo agus faoin aighneas.
Duration:00:09:11
Maighreád Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
5/12/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:06:15
Barrscéalta, clár iomlán, 12/05/2026.
5/12/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:56:22
Colm Breathnach, Iar-chaptaen Dhún na nGall.
5/11/2026
Ag cur síos ar an cluiche iománaíochta a bhí idir Dhún na nGall agus Ros Comáin a chríochnaigh ar comhscór.
Duration:00:03:03
Bairbre Ní Chathaill ó Líonra Leitir Ceanainn.
5/11/2026
Ag cur síos ar na himeachtaí a bheas ar siúl an tseachtain seo san Fhéile an Focal Beo. Seo féile a eagraíonn Líonra Leitir Ceanainn..
Duration:00:07:10
Joseph Mangan, Úinéir busanna Mangan.
5/11/2026
Ar na mallaibh rinne comhlacht príobháideach eile atá lonnaithe anseo sa Ghaeltacht infheistíochta mhór sa chomhlacht agus thug Conor Ó Gallchóir an tígh seo cuairt ar cheanncheathrú an chomhlachta le gairid agus labhair sé leis an úinéir Joseph Mangan.
Duration:00:24:12
Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Meitheal Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola agus Gráinne Ketlaar, Léachtóir i Sláinte agus Cúraim Shóisialta
5/11/2026
Dea-scéal ar maidin go mbeidh an cúrsa dioplóma sa Ghaeilge ag leibhéil B2 a chuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar fáil anois a reáchtáil i gceantar Gaeltachta an Fhálcarrach san Fhómhar.
Duration:00:13:17
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta.
5/11/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:03:48
Barrscéalta, clár iomlán, 11/05/2026.
5/11/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Duration:00:56:22